Na chéad daoine a bhí Faoi Chnoc, triúr a bhí ann ach níl a fhios aige c’áit ar tháinig siad as. Páidí Caí an t-ainm a bhí ar an fhear a raibh cónaí air ar thalamh Joe. Eoghan Crua agus Tarlach Bacach a b’ainm don bheirt eile. Scéal faoin lá a bhí a athair amuigh ag tógáil claí agus leag sé sean bhallóg de theach Pháidí Caí. Shíl sé gur taibhse a bhí ag déanamh an sceamh a bhí le cloisteáil aige ach luchóg a bhí ann faoi a veist.
Chóir an chladaigh a shocair na daoine ar dtús mar a rinneadh in léir áiteanna eile fosta, bhí sé níos sásta nuair a bhí siad ag obair le leas ar an talamh fosta.
Tá loirg cróite le feiceáil go fóill. Bhí túr ann fosta ach thóg fear clocha as nuair a bhí sé ag tógáil tígh. Níl a fhios caidé atá faoi, túr a bhí ann le coimhéad amach na farraige. | 00:06:25 | |